• - Folúntais do Cheapaithe le Gaeilge

Folúntais do Cheapaithe le Gaeilge

Tá WJEC ag iarraidh scrúdaitheoirí agus modhnóirí a earcú le marcáil a dhéanamh i mbliana do scrúduithe trí mheán na Gaeilge.

Sainchuntas Poist Dáta deiridh

Tá WJEC ag obair le CCEA le scrúduithe a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá muid ag iarraidh scrúdaitheoirí le Gaeilge a cheapadh do na hábhair thuas. Ba chóir go mbeadh cúlra ag iarratasóirí maidir leis an tsonraíocht ábhartha a theagasc agus a bheith líofa sa Ghaeilge fosta.

 

Beidh ar an iarratasóir a n-éireoidh leis nó léi comhoibriú go dlúth leis an Phríomhscrúdaitheoir/Mhodhnóir don ábhar. Beidh ar an scrúdaitheoir/mhodhnóir sraith de thascanna caighdeánaithe a chur i gcrích go rathúil sular féidir tús a chur le marcáil bheo.

 

Tá post an scrúdaitheora/mhodhnóra Gaeloideachais lárnach maidir le feidhmiú na cáilíochta Gaeloideachais agus bíonn tréimhse ama de thart ar choicís de dhíth ina leith i ndiaidh na comhdhála. Bíonn an chomhdháil ar siúl a luaithe agus is féidir i ndiaidh an scrúdaithe. D’fhéadfadh sé seo bheith le linn téarma, ag an deireadh seachtaine nó le linn laethanta saoire. Tá íocaíochtaí scaoilte do lárionaid ar fáil.

 

Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le do thoil le:

 

Gnó Leibhéal 3: Stephen Oliver ag stephen.oliver@wjec.co.uk  

Turasóireacht Leibhéal 3: Sean Williams ag sean.williams@wjec.co.uk

Corpoideachas A Leibhéil GCE: Sean Williams ag sean.williams@wjec.co.uk

 

Léigh, le do thoil, an fhaisnéis thíos sula gcuirtear an t-iarratas isteach. Má tá cuidiú breise de dhíth ort leis an iarratas a chomhlánú, déan teagmháil, le do thoil, le:

Rob Reynolds
local_phone 0290 265 050
Katie Roberts
local_phone 02920 265 476
  • Tairbhí
  • An bhfuil mé incháilithe?
  • Oiliúint agus Tacaíocht
  • Próiseas Iarratais